Is ceoltóir Ceanadach é Neil Percival Kenneth Robert Ragland Young, nó Neil Young de ghnáth a rugadh i dTorontó, Ontario, ar an 12 Samhain1945. Is cumadóir, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil é Young, agus ainm in airde aige ó thús a ghairme cheoil sna 1960idí go dtí an lá atá inniu ann. Tá saothar mór taifeadta agus eisithe ag Young le grúpaí ceoil éagsúla agus mar cheoltóir aonair. Tá an-mheas air mar cheoltóir, agus tionchar nach beag imeartha aige ar a lán ceoltóirí eile. Canann Young i nguth ard sainiúil, agus go bunúsach bíonn dhá phríomhsheánra le cloisteáil ina chuid oibre: ceol traidisiúnta suaimhneach ar thaobh amháin, agus rac-cheol ard salach ar an taobh eile..… [ níos mó ]
Ciclipéid shaor is ea an Vicipéid a óstálaítear ag an bhfondúireacht neamhbhrabúis Wikimedia. Tá go leor tionscadail ilteangachasaor-ábhair eile ag Wikimedia: